Fealsúnacht & Ethos na scoile

Is scoil Chaitliceach í an scoil seo agus déanfar gach iarracht an ethos Caitliceach ata i réim sa scoil a chur i bhfeidhm ar na scoláírí.

Is scoil Ghaeltachta í an scoil seo is í an Ghaeilge teanga múineadh agus cumarsáide na scoile.

Creideann muid gur féidir oideachas an pháiste a thosnú chomh luath agus is féidir ina s(h)aol, fiú, sul a dtagann sé/sí isteach sa bhunscoil ar chor ar bith. Eagraítear cruinnithe i Mí Bealtaine do thuismitheoirí a mbeidh páistí leo ag tosú scoile. Cuirtear ábhar ar fáil do thuismitheoirí chun ullmhúchán a dhéanamh le na gcuid páistí sula dtagann siad ar scoil. Tuigeann muid go bhfuil ról na dtuismitheoirí an-tábhachtach.

Déanann muid ár ndícheall go bhfaighfidh chuile pháiste an deis a gcuid buanna, scileanna agus a bpearsantacht féin a fhorbairt agus go sroichfidh siad caighdeán maith oideachais a sheasfaidh leo sa todhchaí. In ainneoin sin, ar uairibh, bíonn páistí againn nach bhfuil ar a gcumas an caighdeán cuí oideacasúil a shroichint. Dóibh sin, déanann muid sár iarracht go mbeidh caighdeán maith litearthachta, uimhríochta, agus scríbhneoireachta acu sula bhfágann siad an scoil.

Anois, tá níos mó béime ar an bpáiste mar dhuine agus glactar leis nach bhfuil an caighdeán céanna ná an cumas intleachta céanna ag gach páiste. Déanann muid-ne chuile iarracht gach páiste a thabhairt go dtí an caighdeán cuí pé rang ina bhfuil sé/sí.

Tá an-bhéim againn sa scoil seo ar chúrsaí spóirt agus drámaíochta chun dea-thréithe an scoláire a fhorbairt agus féin mhuinín a chothú. Déanann muid iarracht, freisin, féin-mheas agus féin-smacht maraon le mórtas cine a chothú sna scoláirí. Tá súil againn go rachfaidh sé chun leasa agus chun tairbhe dóibh sa saol atá amach rompu.

<< ar ais go Polasaithe na Scoile