Polasaí frith bhulaíochta

Céard é Bulaíocht?

Sé an chiall atá le bulaíocht ná duine nó grúpa a bheith ag cur as do dhuine go rialta ó bhéal, go fisiciúil, nó go síceolaíoch, .

Ní chomhraítear eactraí aonarach den tsórt seo mar bhulaíocht-cé go ndéanfar soiléar é nach nglacfar lena leithéid de iompar.

Cineálacha Bulaíochta:

(a) Iompar na bPáistí:

  • Ag bualadh agus ag troid
  • Ag déanamh damáiste do mhaoin.
  • Sracaireacht (extortion)
  • Scanrú
  • Ag déanamh glaonna teileafóin maslacha ag páistí eile.
  • Aonrú (isolation)
  • Ag magadh-ag déanamh fonóide
  • Ag glaoch leas ainmneacha
  • Ag caitheamh go droch mheasúil le foireann na scoile

(b) Iompar Múinteora:

Is féidir le múinteoir a bheith ag déanamh bulaíochta ar pháiste in aon turas nó i ngan fhios dó/di féin trí:

  • A bheith searbhasach nó maslach nuair a bhítear ag labhairt le páiste faoina ngléasadh nó a gcúlra baile.
  • Ag déanamh beagán do pháiste nach bhfuil chomh h-éirimiúil leis na páistí eile.
  • Ag déanamh bagairt ar pháiste nó ag cur as dó go fisiciúil.

Comharthaí Bulaíochta:-

  • Gan fonn ar ghasúr dul ar scoil.
  • Gan fonn ar ghasúr imirt sa chlós.
  • Ag iarraidh airgead sa mbaile.
  • Easpa féin mhuiníne.
  • Caoineadh má cheistítear é.
  • Éadach/leabhra millte/stróicthe.
  • Gan fonn ar ghasúr taisteal ar an mbus scoile.
  • Gasúr a bheith an-chiúin agus mí-shásta

Aidhmeanna an pholasaithe seo:

1. Atmasféar a chothú ina mbeidh ar chumas na bpáistí labhairt faoi aon eachtraí bulaíochta atá ar siúl sa scoil.

2. Go dtabharfar le fios don Bhord Bainistíochta, na múinteoirí, na dáltaí, na tuismitheoirí/caomhnóirí nach iompar inghlactha é bulaíocht sa scoil seo.

3. Go mbeidh foireann na scoile i gcónaí san airdeall ar bhulaíocht i gclós na scoile agus sa seomra ranga.

Ag tabhairt tuairisce agus ag coinneáil cuntais faoi eachtraí bulaíochta:

1. Tabharfar aird air agus déanfar fiosrú faoi chuile thuairisc a dhéanfar faoi bhulaíocht-is cuma cé chomh fánach is tá sé. Ar an mbealach seo táthar ag súil go mbeidh muinín ag na páistí eachtraí bulaíochta a chur in iúl do na múinteoirí. Tá an fachtóir iontaobha seo fíor thábhachtach.

2. Má tá cás tromchúiseach de bhulaíocht i gceist cuirfear é sin in iúil don phríomhoide ar an bpointe.

3. Cuirfear cásanna bulaíochta in iúil ar an bpointe do thuismitheoirí/caomhnóirí:

  • na bpáistí atá ag déanamh na bulaíochta agus
  • na bpáistí ar a bhfuil leatrom á dhéanamh.

ionas go mbeidh na páirtithe in ann an scéal a phlé. Tá siad ansin in ann cúnamh agus tacaíocht a thabhairt dá ngasúir roimh uair na cinniúna.

4. Moltar do oibrithe eile sa scoil, seachas na múinteoirí, (m.s An cúntóir Ranga, glantóir, cothabhálaí agus na múinteoirí breise a thagann) aon eachtra bulaíochta a thugann siadsan faoi deara a chur in iúil do na múinteoirí.

5. Má dhéantar clamhsán tromchúiseach faoi mhúinteoir, déanfar an t-eachtra a phlé ar dtús leis an múinteoir agus ansin, leis an bpríomhoide agus le Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

6. Muna féidir leis an scoil teacht ar réiteach sásúil faoi dhalta nó faoi mhúinteoir cuirfear an cás os comhair an Bhoird Bainistíochta.

7. Muna n-éirítear an cás a reiteach ansin cuirfear é os comhair an chigire scoile.

An Módh le fiosrú agus déileáil le bulaíocht:

Déanfaidh na múinteoirí fiosrúchán caoithúil, cuimsitheach faoi chuile eactra bulaíochta a chuirfidh scoláirí, foireann scoile nó tuismitheoirí/caomhnóirí os a gcomhair.

Déanfar an fiosrúchán seo taobh amuigh den seomra ranga chun náiriú na bpáistí atá i gceist a sheachaint.

In aon eachtra bulaíochta ceistneofar na páirtithe atá i gceist, le dhá thaobh an scéil a chloisteáil ina n-aonar ach beidh múinteoir eile i láthair. Stiúrófar gach agallamh go leochallach (with sensitivity) ag cuimhneamh ar chearta gach scoláire i gceist. Is féidir le scoláirí nach bhfuil i gceist eolas úsáideach a thabhairt.

Nuair atá an múinteoir ag déanamh anailís ar iompar bulaíochta, beidh an múinteoir ag cuartú freagraí ar céard, cén áit, cén uair, cén dream agus cén fáth, ar bhealach stuama ag tabhairt sampla ar cén chaoi le déileáil go heifeachtach le coimhlint ar bhealch nach bhfuil bagarach.

Má tá grúpa i gceist ceistneofar gach ball den ghrúpa leo féin-arís beidh múinteoir eile láithreach. Cuirfear agallamh orthu ina n-aonar ar dtús. Ansin casfar leis an dream aonarach ina ngrúpaí. Iarrfar ar gach ball a thuairisc/tuairisc de céard a tharla a insint le déanamh cinnte go bhfuil gach duine soiléar faoi céard a dúirt gach duine eile.

Má fhaightear amach go bhfuil páiste/grúpa páistí ciontach de bhulaíocht cuirfear in iúil dó/di/dóibh go soiléar gur sháraigh sé/sí/siad an Cód Iompair agus Smachta agus iarracht a dhéanamh go bhfeicfidh sé/sí/siad an cás ó dhearcadh an duine a bhfuil leatrom á dhéanamh air/uirthi.

Tabharfar cúnamh do gach ball den ghrúpa ón mbrú a chuirfear orthu óna baill eile i ndiaidh agallamh an mhúinteora.

Múinteoirí atá ag fiosrú cásanna eachtraí bulaíochta iarrtar orthu cuntas scríofa dá gcuid díospóireachta leo seo atá i gceist a choinneáil. B’fhéidir, freisin go mbeadh sé oiriúnach dóibh seo atá i gceist sa gcás bulaíochta go scríobhfadh siad síos cuntas faoin eachtra.

I gcásanna go ndéantar amach gur tharla eachtra bulaíochta casfar leis na tuismitheoirí/caomhnóirí de dá pháirtí atá i gceist mar oireann:

  • Le míniú céard iad na fiosraithe atá déanta agus na fáthanna atá leis, ag díriú a n-aird ar pholasaí na scoile agus míniú faoi an mbeart atá le tógáil.
  • Cur síos ar bhealaí gur féidir leo daingniú nó tacaíocht a thabhairt don ghníomhú atá an scoil ag déanamh.

Beidh cruinnithe astu féin leis an dá pháirtí atá i gceist socraithe, le súil gur féidir iad a thabhairt le chéile ag dáta níos deireannaí má tá an té atá thíos leis sásta agus réitithe glacadh leis.

<< ar ais go Polasaithe na Scoile