Is iad seo aidhmeanna na scoile:
- Bunoideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do dhaltaí as teaghlaigh gurb í an Ghaeilge an ghnáth-theanga iontu.
- Bunoideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do dhaltaí eile agus a chur ar a gcumas a bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge.
- Timpeallacht iomlán Ghaelach a chothú agus dúil sa Ghaeilge agus sa tsaíocht Ghaelach a chothú i measc na ndaltaí agus dtuismitheoirí.
- Míneofar Polasaí Gaeilge na Scoile do gach tuismitheoir/ caomhnóir sula dtagann an chéad pháiste ar scoil agus beifear ag súil go dtabharfaidh siad tacaíocht don Pholasaí agus iad ina dtuismitheoirí sa scoil.
Timpeallacht Ghaelach
Tá béim an-láidir ar an oidhreacht Ghaeltachta – idir cheol, cluichí, damhsa agus eile. Cothaíonn sé seo forbairt na ndaltaí agus láidríonn sé a meas ar an nGaeilge a chothú sa scoil agus a chur ar chumas na ndaltaí cumarsáid i nGaeilge sna suímh éagsúla ina mbíonn siad, m.sh. sa rang, ag spraoi srl.
Foireann na Scoile
Is é polasaí na scoile gach iarracht a dhéanamh i gcónaí múinteoirí agus cúntóirí le hardchumas Gaeilge a fhostu.
Is í an Ghaeilge an teanga teagaisc agus cumarsáide a bheidh ag na múinteoirí & cúntóirí agus ag an Rúnaí lena chéile agus leis na daltaí, idir mhúinteoirí buana, sealadacha, páirtaimseartha agus breise agus iad sa scoil, i dtimpeallacht na scoile agus ag freastal ar aon imeacht a bhaineann leis an scoil, seachas nuair a bhíonn teanga eile á múineadh.
Tumoideachas.
Is tumoideachas iomlán i nGaeilge a chleachtaítear leis na gasúir nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu chun a gcaighdeán Gaeilge a thabhairt chuig an leibhéal ag a mbeidh siad in ann lán tairbhe a bhaint as an oideachas atá ar fáil sa scoil. Múinfear léitheoireacht/litearthacht na Gaeilge ar dtús do na daltaí agus léitheoireacht/litearthacht an Bhéarla ina dhiaidh.
Áiseanna Teagaisc
Nuair atá áis teagaisc/téacsleabhar oiriúnach ar fáil sa Ghaeilge bainfear leas as an áis Ghaeilge sin.
An Ghaeilge agus na Daltaí
Is í an Ghaeilge a labhróidh na daltaí lena chéile agus leis na múinteoirí an t-am ar fad. Cuirfear beim leanúnach ar chaighdeán Gaeilge na bpáistí-idir chruinneas agus shaibhreas a fhorbairt agus a fheabhsú.
Cuirfear ranganna tacaíochta teangan ar fáil chun cabhrú le gasúir nach bhfuil Gaeilge acu.
Dátheangachas
Cinnteoidh an scoil forbairt chumas Bhéarla na ndaltaí chomh maith. Aithnítear na buntaistí sóisialta, acadúla agus eile a bhaineann le dátheangachas/ilteangachas.
Tacaíocht Foghlama
Cuirtear tacaíocht foghlama don Ghaeilge agus don Bhéarla ar fáil do gach dalta ag a bhfuil deacrachtaí litearthachta os rud é go mbíonn formhór na dtéacsleabhar agus an ábhair teagaisc i nGaeilge agus go dtéann formhór na bpáistí ar aghaidh chuig iarbhunscoileanna lán-ghaeilge. De bharr stádas an Bhéarla sa tír, is den riachtanas é tacaíocht an Bhéarla a chur ar fáil freisin. Aithnítear go mbaineann buntáistí an dátheangachais maidir le foghlaim teangacha eile le dé-litearthacht seachas dhátheangachas labhartha.
Imeachtaí agus Cuairteoirí
Is i nGaeilge a reachtálfar aon imeacht lasmuigh de am scoile a mbíonn páirt ag na daltaí ann m.s. ranganna breise, turais agus spórt.
Is i nGaeilge a bheidh na searmanais Eaglasta ar a fhreastalaíonn na daltaí.
Déanfar chuile iarracht cuairteoirí/teagascóirí le Gaeilge a fháil chun Gaeilge a labhairt leis na gasúir.
Treoracha Eile
Is i nGaeilge a bheidh cláir theilifíse/ábhar físe a thaispeánfar do na daltaí nuair atá cláir oiriúnacha ar fáil. Ceadófar cláir i mBéarla nuair nach bhfuil a macsamhail ar fáil i nGaeilge.
Is é an leagan Gaeilge d’ainm an pháiste a úsáidfear i gcónaí nuair is ann dó ach amháin má iarann na tuismitheoirí a mhalairt.
Tuismitheoirí
Féachfaidh an scoil trí Choiste na dTuismitheoirí le tionchair a imirt ar nósmhaireacht teanga na bpáistí taobh amuigh den scoil trí dheiseanna caidrimh a thabhairt dóibh ina mbeidh an Ghaeilge in uachtar. Beifear ag súil go mbeidh tuismitheoirí, go speisialta, ag spreagadh a bpáistí féin le Gaeilge a úsáid taobh amuigh den scoil.
Tabharfaidh muid gach tacaíocht ar féidir, ó thaobh deiseanna caidrimh, a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo úsáid a bhaint as an nGaeilge. Cuirfear tuismitheoirí ar bheagán Gaeilge ar an eolas faoi ranganna Gaeilge a bhíonn ar siúl sa cheantar.
Iarrtar ar thuismitheoirí an Ghaeilge a labhairt lena chéile, leis na daltaí agus leis na múinteoirí a méid is féidir leo agus iad i dtimpeallacht na scoile nó ar ghnó scoile.
Iarrtar ar thuismitheoirí gan Béarla a labhairt sa seomra ranga, le h-atmaisféar Gaeilge a chothú. Más gá labhairt le páiste nó múinteoir is féidir dul lasmuigh den doras agus labhairt leo go ciúin ansin.
Comhfhreagras
Is i nGaeilge a bheidh aon litríocht lasmuigh de churaclam an Bhéarla a chuirtear ar fáil do dhaltaí sa scoil. Is i nGaeilge a bheidh gach comhfhreagras, fógra &rl a eiseoidh an scoil chuig pobal na scoile. I gcásanna eisceachtúla m.s. daoine nach as an tír seo iad, tabharfar míniú ar an gcomhfhreagras.
Is i nGaeilge a bheidh láithreáin gréasáin na scoile.
Is i nGaeilge amháin a bheidh na tuairiscí cinn bhliana a scríobhann na múinteoirí do na daltaí. Is féidir leis an mBord Bainistíochta eisceachtaí a dhéanamh sa chás seo.
Seantuismitheoirí agus Feighlithe
Aithnítear an ról tábhachtach atá ag Seantuismitheoirí agus Feighlithe i saol na bpáistí agus an tacaíocht a thugann a lán seantuismitheoirí don Ghaeilge. Iarraimid orthu go léir a ndícheall a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge.
An Stát
Is i nGaeilge a dhéanfaidh an scoil a gnó leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus leis an gCigireacht agus an gcuid eile den státchóras a mhéid agus is féidir.
Cruinnithe
Is i nGaeilge amháin a reahtáilfear cruinnithe an Bhoird Bainistíochta agus cruinnithe Choiste na dTuismitheoirí. Is trí Ghaeilge amháin a choinneofar miontuairiscí na gcruinnithe seo.
<< ar ais go Polasaithe na Scoile