Seasamh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta:
- De réir forála an Acht Oideachais 1998, agus rialacháin an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, is é an Bord Bainistíochta an comhlacht a bhfuil an dualgas air an scoil a rialú go díreach. Ba cheart aon ábhar imní a chur faoi bhráid Bhord Bainistíochta na scoile. Ní féidir leis an Roinn treoir a thabhairt d’aon bhall den Bhord Bainistíochta nó den fhoireann múinteoireachta cóireáil leighis a riaradh do dhaltaí, gníomhartha agus nósanna imeachta a ndéanann proifisiúnaithe leighis, cosúil le dochtúirí agus altraí, iad go hiondúil.
- Múinteoirí agus Cógais a Riaradh sa Scoil CPSMA Lámhleabhar Chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta 2007
- Treoirlínte ón INTO (féach thíos)
- Foirm Slánaithe chun Cógais a Riaradh i Scoileanna, CPSMA Lámhleabhar Chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta 2007
– Níl sé ceadmhach ceanglas a bheith ar mhúinteoir cógas nó drugaí a riaradh ar dhalta.
– Níor chóir d’aon mhúinteoir a bhíonn toilteanach cógais a riaradh é sin a dhéanamh, ach amháin faoi threoirlínte a bheidh rialaithe go dian, agus é/í a bheidh lánchinnte go mbeidh an riaradh sábháilte. Bheadh sé ciallmhar an toilteanas sin a chleachtadh i gcásanna éigeandála amháin. Glacann múinteoir a thógann freagracht as cógais a riaradh dualgas mór dlí air/uirthi féin ó thaobh na freagrachta a chomhlíonadh i gceart. Ní mór gach réamhchúram críonna a ghlacadh. Ní mór treoracha soiléire a fháil maidir le cógais a bhíonn le riaradh go rialta agus iad sin a leanúint go dian. Tugann an INTO/CPSMA an chomhairle seo a leanas:
-
Ba chóir do thuismitheoir(í) an dalta lena mbaineann scríobh chuig an mBord Bainistíochta agus iarraidh ar an mBord údarás a thabhairt do chomhalta den fhoireann teagaisc an cógas a riaradh;
-
Ba chóir treoracha scríofa a bheith san iarratas freisin maidir leis an nós imeachta ba chóir a leanúint agus an cógas á riaradh;
-
Féadfaidh an Bord Bainistíochta, i ndiaidh dóibh an cheist a bhreithniú, údarás a thabhairt do mhúinteoir chun cógas a thabhairt do dhalta. Má fhaigheann múinteoir údarás mar sin ba chóir go bhfaigheadh sé/sí treoir cheart ón mBord Bainistíochta;
-
Níor chóir do mhúinteoir cógas a riaradh gan údarású sainiúil an Bhoird a bheith faighte;
-
Agus é/í ag riaradh cógais ar dhaltaí, ba chóir do mhúinteoir an caighdeán cúraim a bheadh á chleachtadh ag tuismitheoir críonna agus cúramach a chur i bhfeidhm;
-
Ba chóir don Bhord Bainistíochta árachóirí na scoile a chur ar an eolas dá réir sin;
-
Ba chóir don Bhord Bainistíochta féachaint le slánú a fháil ón tuismitheoir(í) maidir le haon dliteanas a d’fhéadfadh teacht aníos maidir leis an gcógas a riaradh.
Ba chóir don Bhord Bainistíochta socruithe a dhéanamh freisin chun an cógas a stóráil go sábháilte agus nósanna imeachta a bheith ann chun cógas a riaradh sa chás go mbeadh an múinteoir údaraithe as láthair. Is faoin tuismitheoir a bheidh sé seiceáil gach maidin cibé an bhfuil an múinteoir údaraithe sa scoil nó nach bhfuil mura ndéantar socrú malartach go háitiúil.
– Níor chóir do mhúinteoirí aon rud a dhéanamh i gcásanna éigeandála ach mar is gá dóibh a dhéanamh agus mar atá oiriúnach chun anacair mhór a mhaolú nó chun dochar eile nach féidir a dheisiú a chosc. Ba chóir cóir leighis cógasaíochta a fháil chomh luath agus is féidir i gcásanna éigeandála.
Ba chóir do scoileanna nuair is féidir leo, iarraidh go socródh dochtúirí amanna le haghaidh cógais, ionas nach dtiteann siad ar aon am le ham na scoile.
Tá sé tábhachtach go n-iarrfadh Boird Bhainistíochta ar thuismitheoirí a chinntiú go gcuirtear múinteoirí ar an eolas i scríbhinn faoi aon riocht leighis a bhíonn ar aon leanbh ina rang. D’fhéadfadh leanaí a bhfuil epilepsy nó diaibéiteas orthu nó leanaí a bhfuil sé de chlaonadh acu siondróm turraing anaifiolachtach a fháil, taom a fháil ag am ar bith agus tá sé riachtanach, mar sin, na comharthaí a aithint ionas gur féidir le duine cuí cóir leighis a thabhairt má bhíonn gá leis.
<< ar ais go Polasaithe na Scoile