Tá an Polasaí Iontrála seo ag cloí leis na treoirlínte atá leagtha amach san Acht Oideachais 1998
De réir rialacha na Roinne Oideachais:
- Rial a 64: Caithfidh páiste 4 bliana a bheith slánaithe acu sula nglacfar leo sa scoil.
- Rial a 67: Ní féidir aon pháiste a choinneáil i rang na naíonán má bhíonn 6 bliana slánaithe aige/aici.
- Ní choinneofar aon pháiste in aon rang amháin níos mó ná dhá bhliain
- Ní ghlacfar le haon pháiste (nach raibh ar scoil cheana) i Rang na Naíonáin Bheaga ón 30ú lá de Mhí Mheán Fómhair.
Déanfar ath-bhreithniú ar seo ó bhliain go bliain.
- Tugtar moladh do thuismitheoirí ag an gcruinniú Réamhullmhúcháin scoile gan a bpáiste a thosú ar scoil má cheapann siad féin nach bhfuil an páiste sách ullamh faoina chóir, fiú má tá 4 bliana slánaithe aige/aici.
- Ní mór do thuismitheoirí a dteastaíonn uathu a gcuid páistí a chlárú sa scoil an fhoirm Iarratais a bheith seolta ar ais ag an scoil roimh an 30ú lá de Mheitheamh na bliana sin.
- Ní dhiúltófar aon pháiste sa scoil ar bhonn
- Ciníochas
- Riachtanaisí speisialta oideachas
- Míchumas
- Teanga/canúint
- Stádas lucht siúil
- Teifigh
- Creideamh
- Polaitíocht
- Cuinsí baile/teaghlaigh
- Cé go dtuigeann an Bord Bainistíochta go bhfuil sé de cheart ag tuismitheoirí a gcuid páistí a chlárú in aon scoil dá rogha féin tá sé de dhualgas freisin ar an mBord meas a bheith acu ar chearta na bpáistí i dtimpeallacht/abhantracht na scoile agus ar chearta na bpáistí atá cláraithe cheana féin sa scoil. Ní mór breithiúnas cóir a dhéanamh agus i gcónaí an cine is fearr don pháiste a ghlacadh.Chun cabhrú leis an scoil i gcásanna áirithe tá sé de cheart ag an mBord Bainistíochta uasuimhir na ndaltaí i ngach seomra ranga a chinntiú agus iad a tógáil na gcuínsí seo leanas san áireamh.
- Méid / spás sa seomra ranga.
- Riachtanaisí oideachais na bpáistí san aois ghrúpa sin.
- Ranganna meascaithe.
- Láithreacht pháistí le riachtanaisí speisialta.
- Uasmhéid na ndaltaí i ngach rang ghrúpa de réir rialacha na Roinne Oideachais.
- Má bhíonn uimhir na ndaltaí atá cláraithe in aon scoilbhliain níos airde ná uimhir na scoil bhliaina roimhe sin agus muna mbíonn an Bord Bainistíochta in ann spás feiliúnach a chur ar fáil agus nach bhfuil sé ar a gcumas múinteoir breise a cheapadh caithfidh siad túsáite a thabhairt do na páistí seo:
- Deatháireacha agus deirfiúracha na ngasúir atá sa scoil cheana féin.
- Gasúir ina gcónaí sa bparóiste.
- Gasúir ina gcónaí in abhantracht na scoile.
- Clann baill den fhoireann.
- Glacfar le páistí eile i rith na scoilbhliaina má athraíonn siad seoladh agus go bhfuil cónaí orthu anois i gceantar na scoile.
- Má tá páistí ag iarraidh áistriú ó scoil eile i rith na scoilbhliana clárófar iad de réir Rialacha na Scoileanna Náisiúnta*, Polasaí Clárúcháin na scoile seo agus socraithe atá déanta leis na scoileanna áitiúila.
- Déanfar freastal ar pháistí le riachtanaisí speisialta de réir na n-acmhainní atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus ag an mBord Bainistíochta.
*cf alt as ‘Rules for National Schools 1965’
<< ar ais go Polasaithe na Scoile