Aidhmeanna:
- Tuigtear sa scoil seo nach stopann oideachas an pháiste sa seomra ranga, agus tugtar le fios do na páistí arís eile gur féidir cuimse eolais a chnuasach sa cheantar ó thuismitheoirí agus ó chomharsana srl.
- Chun an dearcadh seo a threisiú in intinn na bpáistí téann páistí uile na scoile seo ar thurais oideachasúil i rith na scoilbhliana.
- Is minic gur é an turas scoile buaic phoinnte an pháiste i rith na scoilbhliana.
Chomh maith leis na buntáistí oideachasúil a bhaineann le turais scoile tugann sé seans do pháistí:
- Caidreamh sóisialta a bheith acu le páistí i ranganna eile.
- Tugann sé seans do na múinteoirí agus na páistí caidreamh neamhfhoirmeálta a bheith acu taobh amuigh do shuíomh ina scoile .
- Tugann an turas oideachais seans do pháistí a bhfuil fadhbanna foghlamtha acu agus ag páistí a bhfuil ag éirí go maith leo páirt cothrom a ghlacadh in imeachtaí éagsúil.
Polasaí:
- Is é polasaí na scoile seo go bhfaigheadh gach páiste sa scoil seans dul ar thuras scoile i rith an triú téarma den scoilbhliain.
- Amanna, i rith na scoilbhliana bíonn seans ag na gasúir dul ar thurais eile. m.sh. “Babaró –Féile na bpáistí”. “Cuairt ar an bhFéile Náisiúnta Scoildrámaíochta”, ag cluichí peile/camógaíochta, comórtaisí Tráth na gCeist &rl.
- Cuirtear litir ag na tuismitheoirí roimh ré agus tugtar sonraí an turais dóibh. Iarrtar orthu nóta ceadaithe a shíniú agus é a sheoladh ar ais chuig na scoile, maraon leis an airgead, roimh lá an turais.
- Iarrtar ar thuismitheoirí, múinteoirí a chur ar an eolas faoi pháistí a mbíonn deacrachtaí acu le taisteal ar bhusanna agus freisin, iarrtar ar na tuismitheoirí cógaisí leighis cuí a bheith tugtha acu dóibh roimh ré
- Caitheann na páistí éide spóirt na scoile (chun go mbeadh sé níos éasca ag múinteoirí agus tuismitheoirí iad a aithint.)
- Moltar do thuismitheoirí gan in iomarca airgid a thabhairt do na gasúir. Moltar dóibh gan níos mó ná €10 a thabhairt do na gasúir.
- Ní bheidh cead ag páistí fóin póca ná gléasanna ceoil MP3 ná a leitheid a bheith acu ar an turas. Má bhíonn ar pháiste glaoch gutháin a dhéanamh i rith an turais beidh cead acu fón póca na scoile a bheidh ar iompar ag duine de na muinteoirí a úsáid.
- Má thagann tuismitheoirí chun cabhair a thabhairt ar an turas, inseofar dó/di roimh ré céard é an dualgas a bheidh aige/aici.
- Beifear ag súil go gcomhlíonfaidh na gasúir rialacha na scoile. Déanfar athbhreithnú ar gach turas ina dhiaidh.
<< ar ais go Polasaithe na Scoile