Réamhráiteas
Tá foireann, tuismitheoirí agus bainistíocht Scoil N. Cholmcille, An Tulaigh tar éis polasaí ar chosaint dhrochúsáide leanaí atá ag teacht leis na moltaí agus na treoirlínte reatha a fhorbairt agus a aontú.
Déileálann an polasaí seo le freagrachtaí na scoile sna réimsí seo a leanas:
(a) Cosc – soláthar curaclaim
(b) Nósanna imeachta – nósanna imeachta maidir le hábhair imní / nochtadh eolais
(c) Cleachtas – barrchleachtas um chosaint leanaí
Cuirfear cóip den pholasaí seo ar fáil do gach ball foirne mar aon leis an chuid sin de Threoirlínte agus Nósanna Imeachta na Roinne Oideachais agus Eolaíochta um Chosaint Leanaí.
Tá sé mar dhualgas ar an bhfoireann uile iad féin a chur ar an eolas faoi ‘Leanaí ar dTús’ agus faoi threoirlínte agus nósanna imeachta an DES um chosaint leanaí.
Aidhmeanna
Is iad seo a leanas aidhmeanna an pholasaí:
- Timpeallacht shlán, iontaobhach, freagrach agus ceanúil a chruthú.
- Oideachas ar scileanna sábháilteachta pearsanta a dhíríonn go sainiúil ar dhrochúsáid a chosc a chur ar fáil do gach leanbh sa scoil.
- Feasacht agus freagracht ar chosaint leanaí a fhorbairt i measc phobal uile na scoile.
- Nósanna imeachta don dea-chleachtas a chur i bhfeidhm chun na leanaí agus an fhoireann a chosain.
- A dheimhniú go mbíonn eolas agus tuiscint ag foireann uile na scoile ar na treoirlínte ‘Leanaí ar dTús’ agus ar na treoirlínte agus na nósanna imeachta maidir le himní nó nochtadh eolais faoi dhrochúsáid leanaí a chur in iúl.
- Oiliúint leanúnach a chur ar fáil don fhoireann sna réimsí seo agus i réimsí eile.
Cosc
Is é an clár Fan Slán an príomhfhoinse a bhíonn in úsáid i scoileanna chun oideachas a chur ar pháistí maidir le drochúsáid a chosc. Tá an clár seo á mhúineadh mar chuid de churaclam OSPS na scoile faoin tsnáithe Sábháilteacht agus Cosaint (Sábháilteacht Phearsanta).
Nuair a chláraíonn tuismitheoirí a bpáiste cuirfear in iúl dóibh go mbíonn an clár Fan Slán in úsáid sa scoil agus cuirfear cóip de Threoirlínte na dTuismitheoirí ar Fan Slán ar fáil dóibh.
Déanfar ceachtanna foirmiúla an chláir a theagasc go hiomlán gach dara bliain mar atá leagtha síos i bplean timthrialla dhá bhliana an OSPS.
Déanfaidh an fhoireann gach iarracht a chinntiú go ndéanfar daingniú ar na teachtaireachtaí atá sa chlár nuair is féidir.
Cleachtais:
Leanfaidh an fhoireann go léir (múinteoirí, cúntóirí riachtanas speisialta, foireann tacaíochta, rúnaíochta, feighlíochta srl.) sa scoil seo na moltaí don tuairisciú ar ábhair imní nó ar nochtadh eolais mar atá luaite i ‘Leanaí ar dTús’ agus i ndoiciméad na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, ‘Treoirlínte agus Cleachtais um Chosaint Leanaí’.
(Féach a bhfuil ceangailte leis seo, leathanaigh 5 go 20 ó threoirlínte an DES thuas)
Tá Bord Bainistíochta na scoile seo tar éis Fil Uí Dhubhghaill (Príomhoide) a cheapadh mar Dhuine Ainmnithe Idirchaidrimh (DLP) agus Caroline Ní Fhrighil (Leas Príomhoide ionaid) mar leas-Dhuine Ainmnithe Idirchaidrimh.
Tá sé comhaontaithe ag foireann agus bainistíocht na scoile:
- Gach ábhar imní/nochtadh a bhaineann le cosaint leanaí a thuairisciú nuair a tharlaíonn sé sa chéad ásc chuig an DLP (nó an leas DLP nuair is cuí).
- Go mbeadh gach tuairisc chuig an DLP dátaithe agus sínithe ag an duine a dhéanann an tuairisc sin.
- Cloí go dian le rúndacht a chothabháil – ba chóir eolas agus ábhair imní nó nochta de dhrochúsáid a thabhairt ar bhun riachtanais.
Nósanna Imeachta:
Aithníonn foireann agus bord bainistíochta na scoile na réimsí seo a leanas mar réimsí imní i leith chosaint leanaí. Tar éis plé agus díospóireacht d’aontaigh an fhoireann agus an bord bainistíochta go nglacfaí leis na nósanna imeachta seo a leanas:
a) Teagmháil fhisiceach:
Ba chóir go mbeadh teagmháil fhisiceach idir phearsanra na scoile agus an leanbh mar fhreagairt ar riachtanais an linbh agus ní riachtanais an duine fásta.
Cé gur féidir teagmháil fhisiceach a úsáid chun sólás a thabhairt nó chun an leanbh a chur ar a suaimhneas nó chun cabhrú le leanbh ba chóir na coinníollacha seo a leanas a leanúint agus an t-iomchuibheas (appropriateness) a mheas:-
- Go mbeadh sé inghlactha ag an leanbh
- Go mbeadh sé oscailte agus nach mbeadh sé rúnda
- Aois agus céim forbartha an linbh
Ba chóir do phearsanra na scoile aon rud a bhfuil nádúr pearsanta ag baint leis agus go bhfuil an gasúr in ann a dhéanamh dó/di féin a sheachaint.
b) Cuairteoirí / Aoichainteoirí:
Níor chóir cuairteoirí/aoichainteoirí a fhágáil leo féin le leanaí riamh. Tá an scoil (príomhoide/múinteoirí) freagrach as teastais aitheantais an chuairteora/ aoichainteora a sheiceáil agus a chinntiú go bhfuil an t-ábhar atá in úsáid acu cuí.
c) Leanaí a bhfuil cúnamh leithris /riachtanais cúram pearsanta:
Aon uair a bhíonn cúnamh leithris/riachtanais cúram pearsanta ag leanbh tionólfar cruinniú cúraim, roimh chlárú agus sula dtosaíonn an leanbh an scoil, idir tuismitheoirí/caomhnóirí, múinteoir ranga, cúntóir riachtanas speisialta, príomhoide agus más cuí, an dalta. Is é cuspóir an chruinnithe ná chun riachtanais an linbh a fháil amach agus chun na bealaí is fearr ar féidir leis an scoil freastal ar na riachtanais sin a dhéanamh amach. Cuirfear na comhaltaí foirne a bheidh páirteach sa chúram seo in aithne agus déanfar socraithe d’ócáidí nuair a bheidh na comhaltaí foirne as láthair. Déanfar cóip scríofa den mhéid a chomhaontófar agus coinneofar i gcomhad an linbh é.
Cé go ndéanfar chuile iarracht beirt chomhaltaí foirne a bheith i láthair nuair a bheifear ag déileáil le cúram pearsanta/cúnamh leithris beidh amanna ann nach dtarlóidh sé seo agus déanfar é seo a phlé leis na tuismitheoirí. Déanfar taifead ar aon nós imeachta a imíonn ón gcleachtas agus cuirfear in iúl don DLP agus do na tuismitheoirí/caomhnóirí é.
d) Timpistí leithris:
Coinneofar fo-eadaí glana agus éadach oiriúnach sa scoil agus má bhíonn ‘timpiste’ den chineál sin ag dalta, tairgfear éadach glan dó/di ar féidir leis/léi athrú isteach ann.
Muna mbíonn dalta ar cibé cúis in ann é/í féin a ghlanadh a gcuid éadach a athrú iad féin agus nach féidir teagmháil a dhéanamh leis na tuismitheoirí/caomhnóirí tabharfaidh comhaltaí foirne a bhfuil aithne ag an leanbh orthu cúnamh don leanbh.
I ngach cás den chineál sin ba chóir go mbeadh beirt chomhalta foirne i láthair.
Coinneofar taifead ar eachtraí den chineál sin agus cuirfear an príomhoide agus na tuismitheoirí ar an eolas.
e) Teagasc duine ar dhuine:
Is é polasaí na scoile é go bhfuil teagasc duine ar dhuine níos fearr do leas an linbh go minic. Déanfar gach iarracht lena chinntiú go mbeidh an teagasc sin ar siúl i dtimpeallacht oscailte. Cuirfear tuismitheoirí leanaí atá páirteach i dteagasc duine ar dhuine ar an eolas agus lorgófar a gcomhaontuithe.
Déanfar obair a dhéanann ár gcúntóirí riachtanais speisialta faoi stiúir an mhúinteora ranga i dtimpeallacht oscailte. Beidh cóip den chlár ama crochta sa seomra ranga agus tabharfar cóip don Phríomhoide.
f) Éadaí a athrú do Chluichí/ Corpoideachas/ Snámh:
Beifear ag súil go n-athróidh daltaí a gcuid éadaigh iad féin do chluichí / corpoideachas / snámh. Sa chás go dteastaíonn cúnamh déanfar é sin sna saoráidí pobail agus le cead ó thuismitheoirí. Ní bheifear ag súil agus ní cheadófar ar chúinse ar bith go n-athróidh comhalta foirne/oibrí deonach éadaigh an linbh i saoráidí príobháideacha nó i gcubhachail. Má theastaíonn príobháideachas iarrfar ar an tuismitheoir/caomhnóir cúnamh a thabhairt don leanbh.
g) Maoirseoireacht:
Ní mór go mbeadh maoirseoireacht dhóthanach ann do na gasúir an t-am ar fad.
Cé go ndéanfar gach iarracht cloí leis an gcleachtas is fearr, de réir mar atá aontaithe thuas, má tharlaíonn i gcás éigeandála nach mbíonn sé indéanta ná praicticiúil an cleachtas aontaithe a leanacht ba chóir cuntas iomlán den eachtra a chlárú agus a chur in iúl don phríomhoide agus do na tuismitheoirí. Nuair a bhíonn ar bhall foirne comhair leighis/céad chabhair a chur ar pháiste cinntítear go ndéanfar é in áit poiblí m.s lasmuigh de dhoras an seomra foirne.
Ní bheidh aon pháiste ag taisteal ina (h)aonar le haon bhall foirne. Má bhíonn ar bhall foirne páiste aonair a thógáil ina (h)aonar beidh ar dhuine fásta eile a bheidh i láthair.
Ní scaoilfear aon pháiste abhaile le duine nach bhfuil aitheanta don fhoireann muna mbíonn litir faighte ó thuismitheoir an pháiste agus an múinteoir ranga curtha ar an eolas roimh ré.
h) Earcú agus roghnú baill foirne:
Leanfar go dlúth le treoirlínte na Roinne Oideachais agus baill foirne á gceapadh. Beifear ag súil go gcuirfidh gach iarrathóir sonraí pearsanta, sonraí de thaithí oibre agus ainmneacha do mholtóirí ar fáil don Bhord Bainistíochta. Beidh ar chuile iarrathóir-múinteoirí agus baill foirne eile- iarrtas a dhéanamh ar Garda Vetting mar atá leagtha síos i gciorcalán 0094/2006.
Beidh ar oibrithe deonach sa scoil chuile obair a dhéanamh faoi theoir an mhúinteoir ranga.
i) Sábháilteacht ar an Idirlín:
Ní bhíonn cead ag na gasúir úsáid a bhaint as an idirlín muna mbíonn múinteoir i láthair. Tá blocáil déanta ar shuíomhanna caidrimh cosúil le Facebook agusTwitter. Ní féidir leis na gasúir UTube aimsiú ach oiread.
Níl cead ag na gasúir fón póca a thabhairt ar scoil. (cf Polasaí Fón Póca)
I ngach cás thuas déanfar chuile iarracht cloí le dea chleachtais agus má tharlaíonn sé i gcásanna éigeandála nach feidir é seo a dhéanamh nó nach bhfuil sé praicticiúil déanfar an t-eachtra a chlarú agus cuirfear an Príomhoide agus na tuismitheoirí ar an eolas.
Nascanna le polasaithe eile / le réimsí pleanála:
Cosc:
Curaclam OSPS, Snáithaonad ‘Sábháilteacht agus Cosaint’, Cód Smachta na Scoile.
Nósanna Imeachta:
Polasaí Frith-Bhulaíochta, Ráiteas Sláinte agus Sábháilteachta.
Cleachtas:
Polasaí don Snámh, Turasanna Scoile / Imeachtaí lasmuigh, Polasaí Feitheoireachta.
Sábháilteacht ar an Idirlín:
Polasaí ICT, Polasaí Fón Póca.
Athbhreithniú agus Monatóireacht
Déanfaidh an Bord Bainistíochta monatóireacht agus athbhreithniú ar an bpolasaí go bliantúil agus ag amanna eile de réir mar a is gá.
Cinnteoidh an Bord Bainistíochta go gcuirfear soláthar cuí oiliúna agus tacaíochta ar fáil don fhoireann.
<< ar ais go Polasaithe na Scoile